← Nuair a bhídís chun pósadh san oileán fadó cleamhnaistí a dheintí. 🔊✎
← Bhíodh buidéal biotáile acu chun sláinte an lanúin óig a ól, nó uaireanta chun athair nó muintir a bhogadh chun iníon a fháil agus chun an cleamhnas a dhéanamh. 🔊✎
← Cheannaidís éadach chun culaith nua i gcomhair lá an phosta. 🔊✎
← Lá arna mhárach, thugaidís cuireadh do mhuintir an oileáin go léir agus dá ngaolta i nDún Chaoin agus théidis ar an mBuailtín go dtí an sagart paróiste chun iad a phósadh. 🔊✎
← Is chun ádh a thabhairt ar an lánúin óg a bhristí an babhla. 🔊✎
← Má bhíodh talamh ag athair an bhuachalla, bhíodh ar athair an chailín spré a dhíol, chun buanaíocht a fháil ar an dtig agus ar an dtalamh dá iníon. 🔊✎